Na Sionnaigh
Cluichí “Traitors” as Gaeilge á n-óstáil ag Na Cabairí
Tá pobal soineanta coiníní ina gcónaí san fhoraois - ach i ngan fhios dóibh, tá fealltóirí ina measc.
Le titim na hoíche, dúisíonn na Sionnaigh agus roghnaíonn siad a mbéile. Faoi sholas an lae,
líontar an fhoraois le milleán, le leithscéalta, agus le hamhras...
Márta 6ú ó 18:00-22:00 in Áras na nGael, Sráid Dhoiminic, Gaillimh H91E1NY
NB: Ní mhaireann na cluichí ach thart ar leath-uair - ní gá fanacht ann don oíche ar fad! (Cé go mbeidh lán-fáilte romhat, ar ndóigh.)
Líon teoranta spásanna - Cláraigí thíos!
Fáilte roimh chuile leibhéal Gaeilge - beidh cluichí ag bonnleibhéal, meánleibhéal, agus ardleibhéal.
🎭 Rólanna
🐰 Na Coiníní
Gan ról speisialta – ach caithfidh siad na sionnaigh a aimsiú!
🦊 Na Sionnaigh (2–3)
Déanann siad iarracht gach duine eile a mharú i rith na hoíche.
🦉 An tUlchabhán
Is féidir leo a fháil amach uair amháin sa bhabhta an sionnach é duine áirithe.
🦔 An Ghráinneog
Is féidir leo duine amháin a chosaint gach oíche (fiú iad féin).
An Scéalaí
Bíonn scéalaí ann freisin, nach nglacann páirt sa chluiche, ach a thugann treoracha do na hainmhithe - cathain na súile a oscailt srl.
❓ Fiosrúcháin Coitianta
Níl Gaeilge líofa agam - an féidir liom fós páirt a glacadh?
Is féidir. Sa bhfoirm chlárúcháin, is féidir do leibhéal Gaeilge a lua, agus seans go ndéanfaimid iarracht daoine den líofacht chéanna a chur le chéile.
Níos gaire don am, roinnfear liosta téarmaí/frásaí úsáideacha ar an leathanach seo.
Nuair a gcuirtear amach as an gcluiche thú, an féidir leat caint?
Ní féidir, ar fhaitíos go dtabharfá leideanna do na daoine atá fós ag imirt. Ba cheart do na daoine a gcuirtear an ruaig orthu théis vótáil a rá an sionnach iad, ach sin an méid, agus ní fhaigheann na
daoine roghnaithe ag na sionnaigh an deis sin fiú.
An mbeidh deis agam níos mó ná cluiche amháin a imirt?
Beidh - agus cinnte dóibh siúd a maraítear go luath, beidh seans acu páirt a glacadh i gcluiche eile le go mbeidh seans ceart cainte acu.
Mura féidir leat labhairt le linn na hoíche, conas a roghnaítear íospartach srl?
Ar ndóigh, caithfear fanacht i do thost le linn na hoíche, ionas nach mbeidh a fhios ag na himreoirí eile cén ról a bhfuil agat. Bíonn scéalaí ag stiúradh na hoíche, ag rá leis na hainmhithe éagsúla cathain
ar cheart dóibh a súile a oscailt, srl, agus le cur in iúl don scéalaí cén íospartach atá roghnaithe, tig leat do cheann a chromadh nó méar a shíneadh ina dtreo, ach caithfear a bheith ciúin!
Moltar gan éadaí ná seodra glórach a caitheamh.
Cé chomh fada a mhaireann sé?
Braitheann sé ar na comhráite i rith an lae, ach thart ar leathuair le haghaidh cluiche iomlán.
Cad a tharlaíonn má tá comhscór ann théis vótáil?
Athdhéantar an vótáil, gan chead éinne a roghnú seachas iadsan a raibh comhscór eatarthu. Más comhscór atá ann arís, déantar an cinneadh trí bhonn a chaitheamh.
An bhfuil gá clárú roimh ré?
Ba cheart - beidh líon teoranta cluichí agus carachtar, agus nílimid ag iarraidh go mbeadh díomá ar éinne. Tá foirm ag bun an leathanaigh anseo.
Níl mé ag iarraidh páirt a ghlacadh, ach an mbeadh cead agam freastal agus éisteacht?
Céad míle fáilte romhat a bheith sa lucht éisteachta. Ba cheart fós clárú más féidir - cabhrach ó thaobh bia a ordú srl.
An bhfuil costas nó duaiseanna ag baint leis an imeacht?
Níl costas ag baint leis, agus beidh cúpla duais randamach ar an oíche. Ní féidir duaiseanna a thabhairt do na buaiteoirí, toisc go mbíonn ag foireann na sionnach ar fad, nó ag na hainmhithe eile ar fad, agus bheadh an méid
sin duaiseanna indéanta.
An gá gléasadh suas?
Ní gá. Ach má tá feisteas oiriúnach agat, fáilte romhat é a chaitheamh!
An féidir liom a bheith i mo scéalaí?
Tá scéalaí againn don oíche - an t-údar mór le rá, Máire Uí Dhufaigh - ach más rud é go bhfuil fonn láidir ort, tig leat nóta iarratais a chur isteach sa bhfoirm chlárúcháin agus feicfimid linn.